Tá áiseanna ar an suíomh seo dírithe orthu siúd atá ag obair i Naíonraí, nó a bhfuil spéis acu a bheith ag obair i Naíonraí amach anseo, agus atá ag iarraidh cur lena muinín sa Ghaeilge. Tá na háiseanna sin dírithe ar an bhfoghlaimeoir neamhspleách ar mian leis teacht a bheith aige ar ábhar teagaisc ag am agus ag luas a oireann dó féin – ábhar a bheadh bunaithe ar a shainriachtanais teanga féin.
Baineann an t-ábhar ar an suíomh le (i) stór focal (ii) struchtúir teanga (iii) fuaimniú (iv) amhráin atá bunaithe ar Shaol an Naíonra. Baintear úsáid as meáin éagsúla chun deis a chur ar fáil don úsáideoir stór focal agus struchtúir teanga a chleachtadh, éisteacht le fuaimniú agus amhráin, agus teacht ar mhínithe ar struchtúir teanga. Is i mBéarla atá na mínithe ar struchtúr na teanga, chun freastal ar leibhéil teanga éagsúla. Tá na samplaí, na taifeadtaí agus na struchtúir ar fad bunaithe ar Shaol an Naíonra.

Déantar na struchtúir teanga agus an ghramadach a mhíniú trí shleamhnáin ina bhfuil taifeadtaí fuaime agus cleachtaí éagsúla. Tá siad ar fad bainteach le téamaí ó shaol an Naíonra. Déantar an stór focal a chur i láthair agus a chleachtadh trí Quizlet – tá an nasc chuig na Quizlets ar fáil sna rannóga cuí i.e. tá ‘ainmhithe’ sa rannóg ‘dúlra’ agus tá ‘éadaí’ sa rannóg ‘an leanbh’. Tá béim chomh maith ar an bhfuaimniú – tá taifeadtaí, comhaid fuaime Quizlet agus amhráin i gceist.
Táthar ag súil, tríd an suíomh seo a úsáid, go mbeidh níos mó muiníne agat in úsáid na struchtúr teanga a thagann chun cinn sa naíonra, go gcuirfidh tú leis an stór focal atá agat bainteach le saol an Naíonra agus go mbeidh tú níos muiníní le cúrsaí foghraíochta. Lean na treoracha sna rannóga éagsúla agus beidh leat! Go n-éirí leat!
