Bileoga Dathúcháin (88)
- Glasraí 1 🫘pónairí, 🍄beacán, 🍅tráta, 🥦brocailí, 🥔práta / fata, 🥬cabáiste, 🫑piobar, 🥬leitís, 🫛piseanna, 🥕meacan dearg, 🥒lus na bó, 🌽arbhar sa dias. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Glasraí 2 ⚪cóilis, 🍆ubhthoradh, lus súgach, bachlóga Bruiséile, 🧄gairleog, 🥬cál, 🧅oinniún, cainneann, 🥒cúirséad, tornapa, scailliún, 🥬spionáiste. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Glasraí 3 🧅oinniún dearg, meacan bán, bliosán, biatas, ❤️piobar dearg, 💛piobar buí, 💚piobar glas, 💜piobar corcra, 🫘pónairí glasa, 🥔prátaí / fataí, 🍅trátaí, 🍄beacáin. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Torthaí 1 🍎úll, 🍓sú talún, 🍊oráiste, 🍌banana, 🍈mealbhacán, 🍍anann, sútha craobh, 🍇fíonchaora, spíonáin, 🫐fraocháin ghorma, 🍐piorra, sméara dubha. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Torthaí 2 🍑péitseog, 🍓sútha talún, 🍋líomóid, fíonchaora geala, 🍉mealbhacán dearg, biabhóg, 🥜piseanna talún, líoma, 🍏úlla, cnónna gaelacha, 🟣pluma, 🥝cíobhaí. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Torthaí 3 🍊oráiste Nollag, 🥑abhacád, 🍊seadóg, 🥥cnó cócó, almóinní, páiseoga, 🍇rísíní, gránúll, 🍒silíní, 🥭mangó, piostáisí, dátaí. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Milseoga 🎂císte / cáca milis, cístín / borróg (mhilis), gabhdóg (/muifín), 🍩taoschnó, caoineog, iógar, reoiteog, 🍦uachtar reoite, 🥞glóthach, pancóga, 🧇bocaire, seacláid the. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ainmhithe 1 🐕madra, 🐱cat, 🐦⬛éan, 🐟iasc, 🐮bó, 🐴capall, 🐷muc, 🐑caora, 🫏asal, 🦆lacha, 🐔cearc, 🐐gabhar. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ainmhithe 2 iora rua, 🦊sionnach, 🦌fia, 🦡broc, 🪿gé, 🐸loscann, earc luachra, 🦎laghairt, 🦔gráinneog, 🐭luch, 🐀francach donn, 🐝bumbóg. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ainmhithe 3 🐌seilide, 🦢eala, 🦋féileacán, 🪱péist, 🦦madra uisce, seilmide, giorria, 🐛bolb, 🕷️damhán alla, 🦇ialtóg, 🪰cuileog, 🐰coinín. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ainmhithe 4 🐘eilifint, 🦁leon, 🦓séabra, 🦒sioráf, 🦏srónbheannach, 🐃buabhall, síota, 🦛dobhareach, 🐅tíogar, 🐅moncaí, 🐍nathair, 🐺mac tíre. 🔊 Comhad Fuaime mp3
- Feithidí 🐝beach, 🦋féileacán, 🐛bolb, 🐞bóín Dé, cláirseach, 🪰cuileog, 🐝bumbóg, 🕷️damhán alla, 🐜seangán, cruimh, 🪲ciaróg, 🦗dreoilín teaspaigh. 🔊 Comhad Fuaime mp3
- Éin 1 spideog, 🐦⬛lonn dubh, dreoilín, gealbhan, smólach, snag breac, piasún, fáinleog, eala, 🦆lacha, faoileán, fuipín. Bileog thagartha (daite). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Éin 2 🦉ulchabhán, 🐦⬛cág, druid, 🐦rí rua, cnagaire / snag darach, meantán gorm, gé, 🪿cadhan, cruidín, colúr, cuach, 🦅iolar. Bileog thagartha (daite). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Plandaí 🍁duilleog, 🌻bláth, gas, 🫚fréamhacha, 🍓torthaí, 🌰cnónna, 🌾síolta, 🌲buaircín, 🧄bleibín / bleib, 🌱síológ, bachlóg, géag / craobh. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Bláthanna 1 🏵️grán arcáin, ⚪plúirín sneachta, 💐cróch, 🟡aiteann, 🌼nóinín, 🏵️sabhaircín, ⚪creamh, 🟡lus an chromchinn, 🔵lus cré, 🏵️caisearbhán, 🔵coinnle corra, ⚪sceach gheal. Bileog thagartha (daite).
Comhad Fuaime mp3.
- Bláthanna 2 🟡fearbán / cam an ime, 🟣méaracán an phúca / lus mór, 🟣feochadán, 🌼nóinín mór, 🪻créachtach, 🟡buachalán buí, 🌸ruithéal rí / drioball rí, 🪻tor an fhéileacáin, 🟡feileastram / seileastram, 🌷ialus, 🍀eachsheamair/ seamair capaill, deora Dé / milíní. Bileog thagartha (daite). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Cloigeann / An Ceann 🙂aghaidh, 💇gruaig, 🤦♂clár éadain, 👂cluas, 🐛mala, 👁️súil, 👃srón / gaosán, 👄béal, 🗢beola, 🪥fiacla, 👅teanga, 🤔smig. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Cholainn 1 🧒ceann / cloigeann, 🧣muineál, 🫁cliabhrach, gualainn, 💪géag / lámh, ascaill, 📐uillinn, 🤚lámh, 🫃bolg, imleacán, droim, 🪑tóin. (corp = colainn mharbh)
- An Cholainn 2 🦵cos, ceathrú, 🧎glúin, ioscaid, colpa, lorga, rúitín, 🦶troigh / cos, 🩰ar na barraicíní, méara coise, ordóg na coise, 👠sáil.
- An Lámh caol na láimhe, 🤚lámh, 🖐️méara, 👍ordóg, ☝️corrmhéar, 🖕an mhéar fhada, 💍mac an daba, 🤙lúidín, 🤙ladhar, 💅ionga, ✋bos, ✊dorn. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Leanbh Nua 👶bunóc / naíonán, 🛏️cliabhán, pluid, naíbheart, ionar cnis, 🤱cíoch, 🍼buidéal (linbh), gobán / dúidín, 🪇gligín, 🤤prioslóir, 🚼clúidín, ceirtín tais – ceirtíní taise. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Tachrán 1 – Leanbh Óg 🧸teide / teidí, pluidín, naíchathaoir, prioslóir, losaid linbh, bleidhe / cuinnín, próca liothraigh (bia linbh), spagán (liothrach), spágadán / lámhacánaí, camchairt, fáinne ghearradh fiacla, iall linbh. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Tachrán 2 – Leanbh Óg 🍴sceanra, mias, pota, 🚽suíochán leithris, 🪜céimeanna, 🩲brístín, léine chnis, leabhar dathúcháin, 🖍️criáin, clúidín taistil, 💺suíochán linbh, naíchóiste. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Éadaí 1 🐑geansaí, 👖bríste, 👗gúna, 👕t-léine / tléine, léine, 👞bróga, 🧦stocaí, sciorta, léine chnis, 🩲brístín, 🧥cóta, 👒hata. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Éadaí 2 🧣scaif, miotóga, 🧤lámhainní, 🌧️buataisí, ionar cnis, naíbheart, 🚼clúidín, 🤤prioslóir, 🛌éadaí codlata, 🥿bróga tí, 🛀fallaing sheomra, 🦵luiteoga.
- Éadaí 3 cuaráin, 🩴iallchuaráin / iallchrainn, 👟bróga reatha, 🥾bróga arda, 👔carbhat, 🧢caipín daorchluiche, 👞leathbhróg, 👖bríste géine, lúbán, 🎀cuachóg, baibín, 📎fáiscín gruaige.
- Dathanna ⚪bán, 🟡buí, 🟠flannbhuí / dath oráiste, 🔴dearg, 🤎donn, 🩷bándearg, 🟣corcra, 📗uaine, 🟩glas, 📘gorm, 🔵dúghorm, ⚫dubh, 🩶liath – glas. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Cruthanna ⭕ciorcal, 🔼triantán, 🟨cearnóg, 🚧dronuilleog, 🥚ubhchruth, 🔶muileata, ⭐réalta / réalt, 💚croí, 🇨🇭cros, ☁️scamall / néal, 🌙corrán. (diamant = seoid). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Teach 1 🏠teach / tig(h), 🚪doras, 📶céimeanna, 🪟fuinneog, 🧱balla, 🛖díon, 🔥simléar, 💌bosca litreacha, mata tairsí, urlár, súsa, ↕️staighre. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Teach 2 🍳cistin / cistineach, 📺seomra teaghlaigh, 🚪dorchla, 🛋️seomra suí, 🚽leithreas, 🛀seomra folctha, 🛏️seomra codlata, 🧼seomra níocháin, 🥫cuile, 🦇áiléar, íoslach, 🚗garáiste.
- Troscán 1 🪑cathaoir, bord, 🛋️tolg, ☕bord íseal, 🛏️leaba, cóifrín, vardrús, cófra tarraiceán, seilp / seilf, cathaoir uilleann / cathaoir bhog, stól, stól ard.
- Troscán 2 cófra / almóir, 📶céimeanna, 🗑️bosca bruscair, 👶naíchathaoir, 🫘mála suí / pónaireán, 📖leabhragán, 📺teilifíseán, 🧺ciseán, cathaoir luascáin, binse, forma, 🧥crochadán.
- An Chistin 1 🚰doirteal, sorn, 🔴iarta, oigheann, gaothrán, ❄️cuisneoir, ❄️reoiteoir, 🫧niteoir soithí / miasniteoir, cófra, 🗄️tarraiceán, 🍲corcán, 🍳friochtán. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Chistineach 2 soithí / gréithe, mias, ☕cupán, gloine,🍴sceanra, spúnóg, gabhlóg, scian, spadal, spúnóg adhmaid (mhór) / cnáiscín (mór), ladar, ciota / muga. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Chistin 3 túlán / citeal, tóstaer, cumascóir, ☢️micreathonnán, crúiscín, 🥣babhla, cuach, 🧈teach ime, tuáille páipéir, 🫧leacht níocháin, ceirt / ceirtín, tuáille gréithe / éadach soithí. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Bréagáin 1 🧸teide / teidí, 🪆bábóg, 🥎liathróid, 🟨🟦bloicíní, ⭕fáinní ar bhiorán, 🛆cluichí mearaí, 🪜iarnród, 🖍️leabhar dathúcháin, 🧱brící, 🐄ainmhithe, 🐴capall luascáin, 🔫gunnán uisce. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Bréagáin 2 🏠tigín bábóige, mirlíní, caiseal, eitleán páipéir, marla, trothar / trírothach, leantóir, preabóir, bréaigéide / feisteas, 🎪pobal, súsa súgartha, bosca gainimh. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Foghlaithe Mara foghlaí mara, 🚢long, crios, ⚔️claíomh, crúca, 🦜pearóid, 🏴☠️bratach, 💀blaosc, 🗺️léarscáil, 🚣♂️bád, 🏝️oileán, 🪙ciste / taisce. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ag Bogadh naíchóiste / upaí / bogaí, camchairt, trothar / trírothach, 🛴snián, leantóir, 🚲rothar, 🪖clogad, 🦶troitheán, 🛼scátaí rothacha, 🛹clár scátála, preabóir, haighdeá. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ag Eitilt 🐦⬛éan, 🪰🦋feithidí, 🪁eitleog, ladrónn, 🎈balún te, 🛩️eitleán, 🚁ingearán, ✈️scairdeitleán, dé-eiteog / dé-eitleán, diúracán, 🚀roicéad, spásárthach. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ar An bhFarraige 1 🚢long – 🚣♂️bád, bád inséidte, céaslaí, 🛶curach, maidí rámha, seol, ⛵púcán, ⛵luamh, luasbhád, 🎣bád iascaigh, 🕸️eangach / líon, 🛟bád tarrthála. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Ar An bhFarraige 2 🚢long, ⚓ancaire, ⛓️slabhra, ⛵long seoil, seol, ☠️long foghlaithe, 🏴☠️bratach, gunna mór, ⛴️long farantóireachta / bád fartha, long turasóireachta, 📦long lastais, fomhuireán (fo-mhuireán). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Naíonra 1 🚪doras, 🧥cóta, 🪝crochadán, bord, 🪑cathaoir, 🖍️crián, ✏️peann luaidhe, bosca na mbréagán, doirtilín, 🚰sconna, 🚽leithreas, páipéar leithris. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Naíonra 2 práiscín / naprún, péint, 🖌️scuab (phéinteála), próca uisce, bileoga páipéir, 🧽spúinse / múscán, 🎨logaire péinte, 🍱bosca lóin, 🥄spúnóg, 🍴gabhlóg, 🍴scian, buidéal. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Naíonra 3 stól, mála suí, súsa, adhairt urláir, cófra, 🧩míreanna mearaí, 📖leabhar, leabhragán, bosca gainimh, 🧹scub urláir, sluasaidín bruis, mapa agus 🪣buicéad. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Scoil 🧑💼éide scoile, 🎒mála scoile, 👝spaga peann luaidhe, 🚌bus scoile, ✏️peann luaidhe, scriosán, bioróir, 🌈pinn luaidhe daite, 🌈criáin, rialóir, 📚leabhair / leabhra, dialann scoile / dialann obair bhaile. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Cluichí / Cluifí 🥎liathróidí, bréagáin – bosca na mbréagán, 🫣folach bíog, 🏃leaisteanna, cleas na bacóide, fonsa, mirlíní, 🫘pónaireáin, 🪢téidléimneach, cluiche boird / cluiche cláir, 🎲díslí, ♟️licíní. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Spórt 🏐liathróid peile / peil / caid, ⚾sliotar, camán, 🥅cúl, 🏃rith, cón, 🏏slacán, 🎽sciúlán, 🫘pónaireán, 🗑️ciseán / fonsa, 🏀liathróid cispheile / cispheil, ⚽liathróid sacair.
- Ceol 🪈feadóg, 🐐bodhrán, ☘️cláirseach, 🎻fidil, 🪈feadóg mhór, 🪗bosca ceoil, ⚔️píb mhór, 💪píb uilleann, 🎸giotár, 🪇gligíní, glocainspíl, ⃤ triantán. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Clós Súgartha geata, 🪜dréimire, 🛝sleamhnán, ↕️crandaí bogadaí, luascán, 🖽creatlach dhreapadóireachta, 🕸️eangach dhreapadóireachta, 🕳️tollán, 🛞roithleán spraoi, 🏠teachín spraoi, 🪵spreota cothromaíochta, ⚜️sonnach. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Garraíodóireacht 1 síolta, bleibín, ithir (cré), lámhainní, lián, gabhlóg gharraí, sluasaidín, racán, ceapach, pota, fraschanna, píobán. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Garraíodóireacht 2 ag cur síolta, 🌱síológ, láí, sluasaid, píce rómhair, clocha, péist, seilide, seilmide, feithidí, buataisí, barra rotha. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Pháirc geata, ⚜️sonnach, 🚶♂️cosán, 🌹ceapach bláthanna, ⛲scairdeán, 🌳crann, sceach, tom, binse páirce, 🗑️bosca bruscair, colúr, 🦉ulchabhán.
- An Choill 🌳crann, tom / tor, 🪵tamhain, géag / craobh, 🍂duilleoga, 🌰cnónna, 🌲buaircín, iora rua, 🪺nead, 👣cosán, 🪵lomán, 🍄beacán. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Loch 🦆lacha, 🦢eala, 🐸loscann, earc luachra, 🦦madra uisce, glóthach, torbán, corr réisc, 🚣bád, 🐟iasc, 🐟🐟éisc, coigeal na mban sí.
- An Fheilm 1 🧑🌾feilméara / feirmeoir, 🐄bó, 🐐gabhar, 🐶madra / mada / madadh, 🐷muc, 🫏asal, 🐔cearc, 🐑caora, 🐴capall / each, scioból, 🚜tarracóir, céachta. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Fheirm 2 🦆lacha, 🪿gé, 💧lochán, 🪨claí, 🐰coinín, púirín, cró cearc, 🐓coileach, 🐕gadhar / cú, 🦊sionnach, burlaí tuí, burla féir. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Trá 1 ⏳gaineamh, faoileán, 🟤púróga / clocha beaga, 🐚sliogáin, 🏰caisleán gainimh, 🪣buicéad, sluasaidín, tuáille, 🪁eitleog, 👡cuaráin, 🩴iallchuaráin / iallchrainn, 👒hata gréine. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Trá 2 🌊an fharraige, 💡teach solais, 🌊tonnta, 🚣♂️bád, 🎣slat iascaigh, 🌞an ghrian, 🏖️scáth gréine, cathaoir ghréine, eangach, lochán, 🌿feamainn, 🦀portán. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Fharraige 🦭rón, 🌊tonnta, 🚢long, faoileán, 🐋maol mór, 🐟iasc, feamainn, 🐋deilf, 𓇼crosóg mhara, fuipín, each mara, 🪼smugairle róin.
- Ag Campáil ⛺puball, 🎒mála droma, mata campála, mála codlata, 🔨farcha, bacán agus téad🪢, cuaille, 🔦lóchrann, lasáin / cipíní, 🔥tine, leamhacháin, sorn campála. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Siopa 🛍️ málaí, 🧺ciseán (siopadóireachta), 🛒cairt/tralaí (siopadóireachta), seilpeanna, ❄️cuisneoir, ❄️reoiteoir, clascán / siúltán, 🛑comhartha, scipéad, 💰airgead (tirim), 💳cárta bainc, 🧾admháil. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Láithreán Tógála 1 👷tógálaí, 🪖clogad, 🔨casúr, clár adhmaid, 🪜dréimire, lián, bloc cuasach, 💦píobán, sluasaid, stroighin, meascthóir stroighne, 🛞bara rotha.
- Láithreán Tógála 2 🔨ord, 🪚toireasc, druilire, 🪛bísire / scriúire, 🔨ceapord, 🔧castaire, dumpaire, tochaltóir, 🏗️crána / crann tógála, ollscartaire, leoraí dumpaire, leoraí stroighne / leoraí meascthóra. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Obair ⭐múinteoir, 👮garda, 👷tógálaí, 🚒fear dóiteáin, 🐶tréidlia, 🧑✈️feilméara / feirmeoir, 👩⚕️altra – dochtúir, 💇gruagaire, 🧑✈️píolóta, 🧑🚀spásaire, 🎨ealaíontóir, 🛍️siopadóir.
- Lá Breá ☀️an ghrian, 🫠tá sé te, 😎spéaclaí gréine / spéacláirí gréine, 🩳bríste gearr / bríste gairid, 👕t-léine, sciorta, léine, 👒hata gréine, 🩴cuaráin, 🛡️uachtar gréine, reoiteog, 🍦uachtar reoite. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Lá Fliuch 💧braon báistí / deoir fearthainne, 🌧️báisteach / fearthainn, ☁️scamall, 🌈tuar ceatha, slodán, buataisí, 🧥cóta, ☔scáth báistí, cochall, tuáillí, 💦urlár fliuch, mapa. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Lá Fuar 🐑geansaí, cochall, casóg, casóg chliabhrach, 🧥cóta, cóta mór, 🧣scaif, hata, 🟢bobailín, 🖐️lámhainní, 🥊miotóga, cluasbhearta. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Aimsir ☀️grianmhar – lá breá, 🌡️te, 🌬️gaofar, ☁️scamallach / néaltach, 🌫️gruama / modartha, 💧fliuch – lá báistí, 🌧️ag cur go trom / ag stealladh, 😶🌫️ceo – ceomhar, 🧣fuar, 🥶préachta / sioctha, ☃️sneachta, 🌩️tintreach agus toirneach. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Am Ithe 1 🍽️mias, 🍴gabhlóg, 🥄spúnóg, 🍴scian, ⛾cupán, gloine, ciota / muga, 🍼buidéal, 🤤prioslóir, 🤧ciarsúr páipéir, ceirt, 💦ceirtín tais (ceirtíní taise). 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Am Ithe 2 🥣babhla, cuach, crúiscín, cupán agus fo-chupán, fo-ghloine / camóg, taobhóg / pláta taoibh, teach ime, teach ime, spagán bia, cipíní itheacháin, sáiltéar (salann), piobarán (piobar), anlann. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Am Folctha 🛀folcadán, 🧴foltfholcadh, 🫧bolgóidí, sobal (folctha), 🧽spúinse / múscán, ceirt, 🚽leithreas, 🧻páipéar leithris, 🚰doirtilín, 🧼gallúnach, 🧴gallúnach láimhe, tuáille. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Am Luí 🪥scuab fiacla, taos fiacla, 🚽leithreas, 🧼gallúnach, 😴éadaí codlata, 🛏️leaba, adhairt / piliúr, pluid, 🧸teide / teidí, ceannadhairt, clúmhán, 🔌teotachán.
- An Oíche ⭐réaltaí, 🌕an Ghealach, 🦉ulchabhán, 🦇ialtóg / sciathán leathair, 🐁luch / luchóg, 🐈cat 🔦lóchrann, 🌙corrán gealaí, 🔥tine, 💡solas, 🎚️lasc, 😴codladh.
- Cóisir Lá Breithe ✉️cuireadh, 🎂císte / cáca milis, 🕯️coinneal, 🚩stiallbhratacha, glóthach, 🎁bronntanas, borróg / cístín, ✉️cárta lá breithe, 🎈balún, líreacán, 🍨uachtar reoite, 🥳hata cóisire.
- An tEarrach 𖥔crosóg Bhríde, bachlóga, 🍀duilleog, 🌱síológ, 🧄bleibín, plúirín sneachta, cróch, lus an chromchinn, 🐑uan, 🐮lao, 🥚ubh, 🪺nead.
- Lá Fhéile Vailintín 👩❤️💋👨grá, ❤️croí, 💌cárta, stampa, 😘póg, 🎶cruit, 👼cúipid, ⚭San Valaintín, 🕯️coinneal, 💐bláthanna, 🧸teide, 💝bosca seacláidí.
- Lá Fhéile Pádraig 1 Naomh Pádraig, ☘️seamróg, 🐍nathair, 🐕cú faoil, 🫓caiscín, 🇮🇪bratach, 🪈píobaire, ⚫putóg dhubh, 💚Éire, cláirseach, 🎩hata ard, 🩰rince Gaelach.
- Lá Fhéile Pádraig 2 📛suaitheantas, ☘️seamróg, 🍦uachtar reoite, 🕈cros Cheilteach, 🧣scaif, 🐎crú, camán, 🕶️spéaclaí gréine, 🌈tuar ceatha, leipreachán, 🪙coire óir, filleadh beag.
- An Cháisc aoire, 🐑uan, ubh Chásca, 🐰coinín na Cásca, 🧺ciseán, 🎀cuachóg, 🥚uibheacha, lile na Cásca, 🐤🐥eireoga / éiníní, cúbóg / clúdóg, 🍫barra seacláide, 🔍tóraíocht Chásca. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Fómhar 🫐torthaí, 🌰cnónna, 🍁duilleog, 🍂duilleoga ag titim, 🏆corn, 🌲buaircín, 🌽arbhar, comhbhuainteoir, geansaí, cochall, 👔éide scoile, 🎒mála scoile.
- An Samhain 1 Oíche Shamhna,🔥tine chnámh, 👻taibhse, 🐴púca, 🕯️coinneal, 👺púicín / aghaidh fidil, folt bréige, bréigéide / feisteas, bairín breac, 🧺bob nó beart, 🌰cnónna, 🍎úlla, 🍬milseáin. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Samhain 2 Oíche Shamhna, 🎃Seán na Gealaí, puimcín, 🕸️líon/líontán damháin alla, 💄smideadh, 🧛súmaire, 🐺conriocht, 👹arracht, 🩻cnámharlach / creatlach, 🤕seargán, cailleach / fuachaid, 🪄draoi, 🧟catamán / smúrthannach. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Samhain 3 Oíche Shamhna,⚰️cónra, 👻taibhse, 🧟catamán / smúrthannach, 🩻cnámharlach, 💀blaosc, 🦴cnámh, ✝️cros, uaigh, 🪦leac uaighe, reilig, geata, sonnach.
- An Nollaig 1 🎄crann Nollag, cuileann, beithilín, 🌟réalta, 🎁bronntanas, 🎀cuachóg, 🕯️coinneal, 🎅Deaide na Nollag / Daidí na Nollag, 💈An Mol Thuaidh, 🧝síofra / síofróg, 🦌réinfhia, 🛷carr sleamhnáin. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Nollaig 2 mála bréagán, stoca na bhféiríní, 🔥tinteán, simléar, 🐑aoire, 👼aingeal, 🔔cloigíní, ❄️sneachta, 🔺hata Nollag, 🧣scaif, 🥕meacan dearg, ☃️fear sneachta. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- An Nollaig 3 💌cárta Nollag, 💡soilse Nollag, maisiúcháin Nollag, 🎀fleasc Nollag, 🦃turcaí, 🐖liamhás, súlach / olar, 🎂císte Nollag, ⚫maróg Nollag, 🎉pléascóg Nollag, 👑coróin, 🥧pióg mhionra / pióigín Nollag. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Ainmhithe ar an bhfeilm/bhfeirm – Íomhánna Le Dathú + Glórtha (12)
An tAsal 🫏 Bíonn asail ag grágaíl. Asal / láir asail. Searrach. Burla. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Bheach 🐝 Bíonn beacha ag dordán. Cráinbheach. Cruimh. Ubh. Coirceog. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Bhó 🐮 Bíonn ba ag géimneach. Bó. Lao. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Capall 🐴 Bíonn capaill ag seitreach. Láir / capall. Searrach. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Cat 🐈 Bíonn cait ag meamhlach. Cat. Piscín. Bíonn cait ag crónán nuair a bhíonn siad sásta. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Chaora 🐑 Bíonn caoraí ag méileach. Caora. Uan. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Chearc 🐔 Bíonn cearca ag gocarsach. Cearc. Gearrcach / sicín / scalltán. Ubh. Blaosc. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Gabhar 🐐 Bíonn gabhair ag meigeallach. Minseach / gabhar. Meannán. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Ghé 🪿 Bíonn géanna ag gogalach. Gé. Beadaín / gélín / góislín. Ubh. Blaosc. Bíonn na géanna ag siosarnach nuair a bhíonn siad mí-shásta. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Lacha 🦆 Bíonn lachain ag vácarnach. Lacha. Laichín. Ubh. Blaosc. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Madra 🐶 Bíonn madraí ag tafann. Madra / madadh / gadhar. Coileán. 🔊 Comhad Fuaime mp3
An Mhuc 🐷 Bíonn muca ag gnúsachtach. Muc. Banbh. 🔊 Comhad Fuaime mp3
Radharcanna Le Dathú (11+)
An Chéad Nollaig ⭐réalta, ☁️scamall, Beithil, 🐪camall, scioból, aoire, Muire, Iósaf, 🐮bó, 🫅🏾an rí Baltasar, 🐑caora, 🫅an rí Caspar, 👶Íosa i mainséar, 🫅an rí Meilcíór, 🫏asal. 🔊 Comhad Fuaime
An Fharraige Mhór 🐢turtar, 🐬deilf, 🐟ráth éisc, 🪼smugairle róin, 🦈siorc, 🐳míol mór, roc, cráin dhubh, 🦑máthair shúigh, each mara, 🐠gairéadach, cloicheán, ⭐crosóg mhara, feamainn, 🦪oisre, 🦀portán, 🪨clocha, 🦞gliomach, púróg, 🐚faocha ghliomaigh. 🔊 Comhad Fuaime
An Fheilm / An Fheirm ☀️an Ghrian, ☁️scamall, scioból, 🌳crann, fál, geata, 🚜tarracóir, 🛻trucailín, sceach, ⚜️sonnach, 🐐gabhar, 🐑caora, uan, 🫏asal, cró cearc, 🐔cearc, 🐓coileach, burla, 🐸loscann, 🦆lacha, lochán, 🪨bollán / moghlaeir, 🐷muc, 🐰coinín, 🐮bó, 🐴capall. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Fómhar ☁️scamall, géag / craobh, iora rua, 🌧️báisteach / fearthainn, dair, 🌰dearcán, 🌳crann, dris, sméara dubha, babhdán / fear bréige, 🍁duilleog, 🍂duilleoga ag titim, sceach gheal, 🔴sceachóirí, 🦔gráinneog, 🍄🟫beacáin, 🪵lomán, cnónna Gaelacha, 🍎úlla, carn duilleog. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Mac Tíre ⭐réalt, 🌝an Ghealach, ☁️scamall, 🌳crann, réalta, tom / tor, tamhan, 🐺mac tíre ag glamaíl, ⛰️sléibhte, 📉fána, 🦉ulchabhán, grágán, 🌼bláth, féar, eireaball / drioball, lapa. 🔊 Comhad Fuaime mp3. Leabhra beaga Macán agus An Mac Tíre.
An Mol Thuaidh 🌝an Ghealach, ⭐Réalta Na Nollag, 🏠teach, ❄️calóga sneachta, 🌲crann síorghlas, 🧝♀️síofróg (síofraín baineann), síobán sneachta, 🦌réinfhia, carr sleamhnáin, 🐻❄️béar bán / mathúin bán, 🪚toireasc, 🎅🏻Deaide Na Nollag, 🚂traein, 🛠️uirlisí, 🎁bronntanais, 🧝♂️síofra (síofraín fireann), 🔨casúr, camán, bábóg. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Spéir 🌙an Ghealach, ⭐réaltaí, 🌈tuar ceatha, ☁️scamall, ☀️an Ghrian, 🎈balún te, 🚁ingearán, 🦅éan ag eitilt, aerfort, rúidbhealach, 🛬eitleán ag tuirlingt. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Spás ⭐réaltaí, 🌝an Ghealach, 🌍an Domhan, 👨🚀spásaire, 🚀roicéad, tuirlingeoir, spásárthach, 👽eachtrán, 🌠dreige, ☄️réalta eireabaill, 🌠 réalta reatha / dreige.
Tinteán Nollag 🎁bronntanas, 🎀cuachóg, cuileann, 🕯️coinneal, matal, 🧦stoca na bhféiríní, tinteán, bladhm, 🔥tine, 🪵lomán, teallach. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Spraoi Sa Sneachta 🌲crann síorghlas, crann lom, ❄️calóga sneachta, ☁️scamall, 🌨️ag cur sneachta, síobán sneachta, fána, 🧣scaif, hata, 🛷réilín / réileán beag, tá siad ag caitheamh meallta sneachta, bobailín, ⛷️ag sciáil, ⚪meall sneachta, 👣rian bróg, ☃️fear sneachta, gual, sluasaid sneachta, spideog / spideoigín. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Trá 💡teach solais, ☀️an ghrian, faoileán, 🚁ingearán, aill, 🚣♀️bád, 🦭rón, 🌊tonnta, 🐬deilf, an fharraige, liathróid trá, ⏳gaineamh, ⭐crosóg mhara, 🧜♀️murúch, tuáille, 🦀portán, 🐚sliogán, 🩴iallchuaráin, ⚪púróga, 🪣buicéad, sluasaidín, 🏰caisleán gainimh. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Fuipín 🐧Íomhá le dathú den éan beag leis an ngob mór ildaite déanta ag Dómhnal Ó Bric do Thuismitheoirí Na Gaeltachta dá sraith Bileoga Spraoi.
Sárlaoch Ar An Trá ⚡ Íomhá le dathú de shárlaoch Gaelach ina sheasamh ar thrá, le béim ar ealaín ‘Cheilteach’, téada fite le chéile cur i gcás.
Bríd, le dathú 🖍️🎨 buíochas le Jim FitzPatrick as an ealaín álainn seo. 🔊 Éist.
An Nollaig 🎄 Crann Nollag le dathú ón sraith bileog le SiopaÚdar.ie. 🔊 Éist.
Bileoga Gníomhaíochta (22)
✏️ Ceangail máthair agus óg 1 Ceangal an mháthair leis an ainmhí óg cuí agus ansin na léaráidí a dhathú; bó 🐄 lao, madra 🐶 coileán, capall/láir 🐴 searrach, cat 🐱 piscín, caora 🐑 uan. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
✏️ Ceangail máthair agus óg 2 Ceangal an mháthair leis an ainmhí óg cuí agus ansin na léaráidí a dhathú; lacha 🦆 laichín, loscann/loscán 🐸 torbán, féileachán 🦋 bolb, beach 🐝 cruimh, cearc 🐔 gearrcach/sicín. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
✏️ Ceangail máthair agus óg 3 Ceangal an mháthair leis an ainmhí óg cuí agus ansin na léaráidí a dhathú; fia/eilit 🦌 oisín, éan 🐦⬛ gearrcach/scalltán, gabhar 🐐 meannán, ciaróg 🐐 cruimh, muc/cráin 🐖 banbh. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
✏️ Ceangail fireann agus baineann Ceangal an t-ainmhí fireann leis an gceann baineann; tarbh 🐂 bó, coileach 🐓 cearc, pocán/poc/pocaide 🐐 gabhar/minseach, carria/poc 🦌 fia/eilit, reithe 🐏 caora. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
✏️ Ceangail na poncanna – babhdán / fear bréige i ngort ag cosaint arbhair🌾 🔊 Éist
✏️ Ceangail na poncanna – bóín Dé / bóín Samhraidh 🐞 🔊 Éist – an Ghrian, bóín Dé / bóín Samhraidh.
✏️ Ceangail na poncanna – bronntanais Nollag 🎁 🔊 Éist – stoca na bhféiríní, bronntanais, cuachóg, bronntanas.
✏️ Ceangail na poncanna – caisleán gainimh faoin nGrian 🏰⭐🌞 🔊 Éist – an Ghrian, caisleán, crosóg mhara.
✏️ Ceangail na poncanna – coinín 7 meacan dearg 🐰🥕 🔊 Éist
✏️ Ceangail na poncanna – crann Nollag 🎄 🔊 Éist – réalta, maisiúchán, soilse Nollag, bronntanas, cuachóg.
✏️ Ceangail na poncanna – dearcán 🌰 🔊 Éist – Tosaíonn gach dair mhór le dearcán beag, iora rua, dearcán.
✏️ Ceangail na poncanna – díneasár 🦖 le hamhrán beag le canadh… Rárrrrrrrr!
✏️ Ceangail na poncanna – fear sneachta ⛄ 🔊 Éist – hata ard, meacan dearg, scaif, géaga, cnaipí.
✏️ Ceangail na poncanna – ar an bhfeilm 🚜 – tarracóir, feilméara / feirmeoir, cat, roth, caora.
✏️ Ceangail na poncanna – fraschanna ag cur uisce ar cheapach bláthanna 💧🌼🔊 Éist – beach (meach), fraschanna, bláth, féileacán (peidhleacán), ceapach bláthanna.
✏️ Ceangail na poncanna – Mo lao thú! ❤️ 📽️ Mo Vailintín
✏️ Ceangail na poncanna – rudaí deasa na Nollag 🎁 🔊 Éist – steotar, stoca na bhféiríní, seacláid the le leamhacháin, cuileann.
✏️ Ceangail na poncanna – spideoga Dheaide Na Nollag 🎅🏻 🔊 Éist – Is iad na spideoga cluasa is súile Dheaide Na Nollag, bígí go maith! Spideog, liosta mór fada, lomán.
✏️ Ceangail na poncanna – Tiuc, tiuc, tiuc! 🐔 🔊 Éist – cró cearc, círín, cearc, gearrcach / gearrcach circe / circín (sicín), cleite.
✏️ Ceangail na poncanna – tráta 🍅 🔊 Éist – Céard é dearg agus deas blasta?
✏️ Lúbra na beiche 🏵️➿🐝 🔊 Éist – lúbra, sabhaircín, beach (meach).
✏️ Tóraíocht dúlra an Fhómhair 👦🍂🍄👧 do shiúlóid dúlra nó gníomhaíocht don bhaile
Cártaí (10) 💌
Bealtaine – Tá An Samhradh Linn!
Is Gael Beag Mé! – buachaill
Is Gael Beag Mé! – cailín
Nollaig Shona do mo chara – Íosa agus Muire, síofraín
Nollaig Shona do mo chara – Crann Nollag, steotar
Leabhráin Dhathúcháin (14)
🔥 Leabhrán Dathúcháin na Samhna – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🔥 Oíche Shamhna sa Naíonra – leagan nua d’fhéin-chló bunaithe ar an leagan ildaite atá ar fáil le hordú.
🎄 Leabhrán Dathúcháin na Nollag 1 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🎄 Leabhrán Dathúcháin na Nollag 2 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🐑 Leabhrán Dathúcháin do Lá Fhéile Bríde – 🔊 Comhad Fuaime mp3
☘️ Leabhrán Dathúcháin do Lá Fhéile Pádraig – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🥚 Leabhrán Dathúcháin na Cásca 1 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🥚 Leabhrán Dathúcháin na Cásca 2 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
😎 Leabhrán Dathúcháin an tSamhraidh 1 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
😎 Leabhrán Dathúcháin an tSamhraidh 2 – 🔊 Comhad Fuaime mp3
🪧Comharthaí agus fógráin🪧
Úiríní (19) – áiteanna do ghníomhaíochtaí éagsúla
- An tÚirín / An tÚirín Baile / An Cúinne Baile 🫖 áit do shúgradh le uirlisí cistine 7rl.
- An Bord Breactha ✏️ áit do scrábadh
- An tÚirín Ealaíne / An Bord Ealaíne 🎨 criáin agus scuaba
- Úirín na Leabhra 📖 leabhragán – an leabhragán
- An Sosadh / An Súsa Sosa / An Cúinne Ciúin 🤫
- An tÚirín Gléasta 🎩 bréigéide agus feistis ar fáil anseo
- An tÚirín Ceoil / An Cúinne Ceoil 🪈
- An tÚirín Tógála / An Bord Tógála 👷 bloicíní, lego 7rl.
- An tÚirin Uisce 7 Gaineamh / An Cúinne Uisce 7 Gaineamh 🏖️ Spraoi le Gaineamh agus Uisce
- An Cúinne Litríochta / súsa léitheoireachta 🧑🧒🧒 ag éisteacht le scéalta
Dathanna (11) – fógráin eolais A3
- Bán ⚪ scamall bán, léine bhán, tigín bán, fear sneachta, peil bhán, uachtar reoite, bainne, béar bán, meall sneachta 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Buí 🟡 buíóg, an Ghrian, meantán gorm, arbhar sa dias, ór (chomh buí le hór), líomóid, lus an chromchinn, sliotar, fearbán 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Dearg 🔴 silíní dearga, hata Nollag dearg, béaldath dearg, beola dearga, sú talún aibí, soilse tráchta, solas dearg, tráta dearg, úll dearg, croí 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Donn 🟤 seacláid, caiscín / arán donn, cnónna Gaelacha, láib (chomh donn le láib Ros Comáin), buachaill donn, capall donn, duilleog dhonn, buaircín 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Dubh ⚫ hata biorach gorm, bóthar, lon dubh, pic (chomh dubh le pic), ciaróg, peann luaidhe daite dubh, ciota dubh / séibe dhubh / muga dubh, cat dubh, gual 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Flannbhuí (dath oráiste) 🟠 cuachóg fhlannbhuí, puimcín flannbhuí, bratach na hÉireann, oráiste, bratach Chondae Ard Mhacha, seadóg 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Glas 🐀🌲 cú glas, cóta glas, gluaisteán glas, francach / luchóg mhór, asal, iora glas, rón glas, cat glas riabhach, crann Nollag, páirc imeartha / faiche, duilleog ghlas 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Gorm 🔵 cailc ghorm, spéir ghorm, míol mór gorm, coinnle corra, meantán gorm, bratach Chondae Átha Cliath, cáis ghorm, eitleog ghorm, an fharraige mhór, liathróid ghorm 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Liath 👵 fear liath, peann luaidhe daite liath, colúr, piscín liath riabhach, bean liath, luchóg / luch, glasóg liath, pearóid liath, feannóg / caróg liath, ceo, cochall liath, chomh liath le broc 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Rua 👩🦰 iora rua, fia rua, buachaill rua, an rí rua, piscín (rua) riabhach, cailín rua, breac rua, sionnach / madra rua, bonn rua 🔊 Comhad Fuaime mp3.
- Uaine 🟢 bus uaine, léine uaine, stocaí uaine, crián uaine, péint uaine, soilse tráchta, solas uaine, bosca poist, bratach na hÉireann 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Uirlisí Ceoil (5) – fógráin eolais A3
An Chláirseach an chorr, an lámhchrann, an choim, sreang, crú sreinge, an fuaimchlár, an chruit 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Fheadóg Stáin 🪈 an bhéalóg, an fuaimpholl, an lann, an feadán, méarpholl – ordóg, corrmhéar, an mhéar fhada, mac an daba, lúidín 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Fhidil 🎻 an guairneán, pionna tiúnála, an pionnabhosca, an méarchlár, sreang, an babhta uachtair, an choim, an f-pholl, an droichead, an babhta íochtair, an t-eireaballán, mion-tiúnóir, an taca smige, an fuaimchrann – an bogha, an bata, an rón (na ribí róin), an cadó, an froga, an bhís 🔊 Comhad Fuaime mp3.
An Phíb Uilleann 🎶 an stoc, an mála, na boilg, an seamsúr, rialtán, dos – an phíb mhór 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Boscaí Ceoil 🪗 (bosca ceoil / mileoidean) – na boilg, cnaipe, an méarchlár, an lámhiris – bosca cnaipí – consairtín 🔊 Comhad Fuaime mp3.
Eile
Sa Naíolann 🍼 néal / néilín (codalta), clliabhán – cliabhán luascáin, teide / teidí / béirín, gligín, prioslóir, buidéal, dide, smailcín, clúidín, mata na gclúidíní, ceirtíní taise, naíchathaoir, gobán (súraic) / dúidín, ciarsúir (pháipéir), súsa súgartha, lios súgartha, camchairt. 🔊 Comhad Fuaime mp3.
🏆Teastais, bileoga eolais agus tacaíocht📜
Mo Chéad Lá ❤️ teastas le bronnadh ar leanaí nuair atá a gcéad lá sa Naíonra bainte amach acu.
Mo Chéad Seachtain ❤️ leagan eile den theastas thuas.
Tús Bhliain 2 💕 teastas le bronnadh orthu agus iad ag tosú ar an dara bliain sa Naíonra.
Teastas Naíonra 🎓 teastas le bronnadh ar na leanaí ag deireadh na bliana nó nuair atá siad ag bogadh ar aghaidh.
Ceolchoirm na Nollag ⭐ teastas le bronnadh ar leanaí a bhí i gCeolchoirm Na Nollag.
Lá Spóirt agus Spraoi 🏆 teastas le bronnadh ar leanaí a d’fhreastal ar lá spóirt.
Acmhainní do Theaghlaigh Gaelacha 💡 PDF le liosta d’áiseanna ar líne, gach ceann le cód MF (QR). Moltar an cháipéis dhá-theangach seo a chur i gcló le tabhairt do thuistí.
Bileog dhá fhilleadh ar fhíseáin do theaghlaigh le clann óg; ceann deas do phunann eolais do thuistmitheoirí le sé stiall ildaite agus boscaí MF a osclaíonn naisc ar ghutháin phóca 7rl.
Foclóirí agus cúnamh le foghraíocht: Teanglann.ie – Foclóir.ie – Téarma.ie – Abair.ie
Acmhainní don Naíonra ar www.Gaeloideachas.ie – ℹ️ cláraigh don Nuachtlitir agus bí ar an eolas.
Ordaigh cóipeanna clóite d’fhoilseacháin Gaeloideachas saor in aisce dár mbaill; ballraíocht ar fáil ó 20 euro.
Aiseolas chuig tonai ag Gaeloideachas ponc ie – Tonaí Ó Roduibh (a Thonaí).